Ár Scéal | Our Story
Handcrafted with love in Ireland
Is mise Clíodhna, bunaitheoir "GaelMade".
Thosaigh mé GaelMade mar bhealach chun mo ghrá don Ghaeilge agus do chultúr na hÉireann a choinneáil beo i mo shaol féin, go háirithe nuair a bhí mé i mo chónaí i Sasana. Cé go raibh mé i bhfad ó bhaile, bhí mé ag iarraidh ceangal leis an teanga agus leis an gcultúr a choinneáil i gcónaí.
Sin an smaoineamh atá taobh thiar de GhaelMade. Táirgí simplí nua-aimseartha a thugann an Ghaeilge isteach sa ghnáthshaol agus a léiríonn gur féidir í a úsáid agus a cheiliúradh gach lá.
Ba mhaith liom go mbeadh an Ghaeilge níos feiceálaí agus níos inrochtana do chách. Go mbraithfeadh gach duine go bhfuil áit acu inti, cibé acu cainteoir líofa, foghlaimeoir nó duine fiosrach faoin teanga iad.
Tá fáilte romhat anseo i gcónaí.
Ní hamháin gur gnó é GaelMade. Is bealach é chun grá don Ghaeilge agus do chultúr na hÉireann a roinnt le daoine eile, focal álainn amháin ag an am.
Trusted Brand Collaborations